Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

11 Dec 2016
Lá Oscailte Naíscoil an Chéide

Tá an Ghaelscolaíocht ag dul ó neart go neart i gceantar an Chéide agus éileamh ar an naíscoil ag fás leis i rith ama. Tá níos mó tuismitheoirí ag iarraidh tairbhí breise an oideachais dhátheangaigh a thabhairt dá bpáistí, rud a thairgeann Naíscoil an Chéide. Agus fás leanúnach ag teacht ar an naíscoil, táthar ag amharc ar fhéidearthachtaí bunscolaíochta trí mheán na Gaeilge.

Tá Naíscoil an Chéide ag cur fáilte roimh thuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu ag Lá Oscailte Dé Domhnaigh 11 Nollig idir 12 nóin agus 2pm le h-amharc ar na háiseanna den scoth agus le foghlaim faoi na tairbhí breise a bhaineann le h-oideachas dátheangach. Beidh an Lá Oscailte ar siúl ag an chlubtheach ag Páirc Ghearóid Mhic Ghiolla Fhinnéin, baile CLG an Chéide, ina bhfuil an naíscoil rathuil lonnaithe.