Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

22 Sep 2017
Oíche Chultúir in Ard Mhacha

Tá CAIRDE Teo ag eagrú sraith imeachtaí Gaeilge mar phop-up Gaeltacht i lár Ard Mhacha don Oíche Chultúir ar 22 Meán Fómhair. Beidh an oíche fáiltithe do Ghaeilgeoirí agus d’fhoghlaimeoirí nua ar siúl thíos staighre in Amharclann Phlás an Mhargaidh. Beidh ceol Gaelach ann, ciorcal comhrá, seastáin eolais agus péinteáil aghaidhe do pháistí. Chomh maith leis sin uilig, beidh smailceacha bia agus tae/caifé ar fáil. Tá taispeántas ealaíne le Lorcán Mac Uíbh Aille ar crochadh faoi láthair fosta.