Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

27 Jun 2017
Oíche oscailte do Naíscoil na Caille

Beidh oíche oscailte agus eolais ann do Naíscoil na Caille, naíscoil úr i gcathair Ard Mhacha a osclófar i Meán Fómhair 2017, Dé Máirt 27 Meitheamh idir 6.30pm agus 9pm. Beidh an naíscoil nua lonnaithe ag suíomh Desart Lodge Nursery ar Bhóthar na hArdeaglaise, go dtí go bhfuil pleananna cinntithe don bhunscoil úr. Beidh ceannairí na naíscoile i láthair ar an oíche le ceisteanna a fhreagairt agus beidh eagraíochtaí áitiúla Gaeilge ann le labhairt ar na buntáistí breise a bhaineann leis an Ghaelscolaíocht agus le labhairt ar na pleananna d’fhorbairt na Gaeilge agus na Gaelscolaíochta i gcathair Ard Mhacha.