03
Jun
2017

Beidh an picnic teaghlaigh do pháistí Gaelscoile agus a dteaghlaigh ar siúl ag Prióireacht na Binne Boirbe anois ar 12.30pm Dé Sathairn 3 Meitheamh. Iarrtar ar teaghlaigh a bpicnicí féin a thabhairt leo agus bualadh le chéile ag na táblaí picnice ar chúl na Prióireachta. Chomh maith le picnic, beidh turas beag thart ar na gairdíní chomh maith le turas treoraithe ar Chaisleán na Binne Boirbe. Cuirfear deireadh leis an imeacht le siúlóid ghearr ar bhruach na hAbhann Móire. Tá an picnic á eagrú i gcomhar le Glór na nGael.