Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Seoladh Leabhar 'Pluid' le hEoghan MacCormaic

Bhuaigh ‘Pluid, Scéal na mBlocanna H 1976-81’ duais Oireachtas na Gaeilge don saothar do dhaoine fásta i 2021, agus tá sé ar na foilsiú anois ag Coiscéim. Sna léirmheasanna a scríobh moltóirí an Oireachtais don leabhair dúirt siad:

“Insint eisceachtúil ón taobh istigh atá anseo a chuirfidh le taifead stairiúil agus lenár dtuigbheáil ar an tréimhse agus ar tharla inti. Tá ardmholadh tuillte ag an údar as saothar tábhachtach a sholáthar do phobal léitheoireachta na Gaeilge”

“Fríd an scéal uilig, léirítear spiorad na gcimí ar bhealach neamh-mhaoithneach. Baineann an t-údar úsáid as greann agus tá stíl tharraingteach scríobhnóireachta aige a mheallann an léitheoir isteach sa phríosún leis”.

Chaith an t-údar 1960 lá ar an agóid, 1580 ar an phluid agus 380 lá eile ar stailc oibre. Scaoileadh saor é as na Blocanna i 1991 i ndiaidh 15 bliana faoi ghlas. 40 bliana i ndiaidh na n-agóidí, seo an chéad uair go bhfuil scéal na mBlocanna H á insint as Gaeilge.

Beidh cóipeanna ar fáil ag an seoladh, agus ar fáil anois chomh maith ar www.pluid.ie