Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

01 Mar 2018
Seoladh Sheachtain na Gaeilge

Is in Ard Mhacha a sheolfar Seachtain na Gaeilge do chúige Uladh ar 1 Márta ag Ionad Eamhain Mhacha. Cuirfear tús leis an imeacht ar 6pm agus beidh cuid den talann is fearr as an cheantar ar an ardán. I measc na ndaoine a bheas ar ardán, beidh Tiarnán Mac Gabhann agus a chairde as Píobairí Ard Mhacha, chomh maith le Cleamairí Ard Mhacha, a bhfuil clú bainte amach acu ar fud an domhain. Cuirfear soláistí ar fáil ag tús an tseolta. Fáilte roimh chách.