
Cuirfidh Jake cuimhní cinn a shaoil mar ghníomhaí Gaeilge agus mar iarchime IRA a bhí an-pháirteach i bpróiseas na síochána i láthair. Chuaigh Jake sa ghluaiseacht phoblachtach ag aois an-luath ach d’éirigh sé aisti in 1997, go gairid roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Mar phoblachtach mór le rá, ba mhinic a bhí sé i lár an phlé ar straitéisí agus ar theaicticí, mar a léiríonn sé ina chuntas macánta ar a ghníomhaíochtaí polaitiúla agus ar a shaol teaghlaigh.