Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Siúil ar Bheann Mhadagáin

Beidh an grúpa cnocadóireachta do Ghaeilgeoirí, Siúil, ag siúl ar Bheann Mhadagáin Dé Sathairn 3 Feabhra, ag tosú ar 11am ag an charrchlós ag Caisleán Bhéal Feirste. Síobanna ar fáil ó Ard Mhacha ach scéala a chur chuig sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229 roimh ré.
I measc na siúlóidí eile a bheas ann do chlár 2018, beidh siúlóidí sna Beanna Boirche, i Sléibhte Chill Mhantáin, ag Loch na bhFear i bhFear Manach agus ar Shliabh Mis. Cuirtear fáilte roimh bhaill úra i gcónaí.