
Beidh an grúpa cnocadóireachta, Siúil, ag seachaint na gcnoc an iarraidh seo agus ag leanstan chosán chósta thuaidh an Dúin ar an Satharn beag seo, 6 DeireadhFómhair. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 11am ag an Esplanade in Ard Mhic Nasca agus leanfar an cosán a fhad le Cuan Héilín. Má tá suim agat páirt a ghlacadh sa tsiúlóid, déan teagmháil le Seán ag sean@cairdeteo.com nó 0283751 5229.