Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Siúil ar Dhuibhis

Agus siúlóidí mhí Dheireadh an Fhómhair ar Bhinneáin agus i bPáirc Foraoise Gosford críochnaithe, tá an grúpa Siúil ag dúil go mór leis an chéad shiúlóid eile Dé Sathairn 11 Samhain ar Dhuibhis agus ar an tSliabh Dhubh i mBéal Feirste. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 11am sa charrchlós ar Bhóthar Dhuibhise, atá ar Bhóthar Chluanaí Uachtair, agus leanfar Cosán an Droma agus Cosán an Mhullaigh. Bíonn radhairc ghalánta ann ar chathair Bhéal Feirste, ar Ardchlár Aontroma ó thuaidh, ar na Beanna Boirche ó dheas agus ar Loch nEathach siar. Beidh síobanna ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Seán sean@cairdeteo.com 028 3751 5229 roimh ré.

Siúil ar Dhubhais-page-001