
Beidh an grúpa Siúil ag dul go Sliabh Binneáin Dé Sathairn 7 Deireadh Fómhair. Beidh muid ag tosú ar 11am ag carrchlós Carricklittle. Má tá suim agat dul, cuir scéala chuig Seán ar sean@cairdeteo.com 028 3751 5229. Tá an tsiúlóid 7 míle seo dúshlánach agus bainfidh muid airde 747 méadar amach ag an phointe is airde. Tá eolas ar an tsiúlóid ar fáil ag an nasc http://www.walkni.com/walks/67/slieve-binnian/.
Beidh siúlóid eile níos éasca ann i bPáirc Foraoise Gosford ar 11am Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair.