Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Siúil ar Shliabh Loch Sionnach

Beidh an grúpa cnocadóireachta, Siúil, ag leanstan lena sraith siúlóidí Dé Sathairn 7 Iúil le cuairt eile ar na Beanna Boirche. Beidh an grúpa ag siúl ar Shliabh Loch Sionnach agus Dún Maol Chobha i gcroílár na sléibhe, ag tosú ar 11am ag carrchlós Uchta ar Bhóthar Shliabh na mBeann in aice le Taiscumar na Speilgí. Beidh an grúpa ag siúl ar an chosán a fhad leis an chol idir Sliabh an Chairn agus Sliabh Loch Sionnach agus ar aghaidh taobh le balla na mBeann Boirche chuig an mhullach, atá 617 méadar ar airde. Rachaidh an grúpa síos an taobh eile den chnoc  agus ar dheis trasna an gleann chuig an sliabh ghalánta charraigeach, Dún Maol Chobha, atá suite i gcroílár an raoin agus a bhfuil radhairc den scoth ar Ghleann an Chiúnais, chomh maith le radharc 360 ar an sliabhraon ar fad.