Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Beidh dúshlán deas sultmhar i ndán dár gclub cnocadóireachta sa chéad siúlóid eile sa tsraith nuair a bheas muid ag pilleadh ar na Beanna Boirche. Buailfidh muid le chéile ag carrchlós Uchta ar Bhóthar Shliabh na mBeann ar 11am. Siúlfaidh muid síos i dtreo Damba Fhófannaigh sula ndreapfaidh muid Shliabh Míol Mór. Leanfaidh muid Balla na mBeann Boirche chuig mullach Shliabh Míol Beag agus rachaidh muid ar ais chuig an charrchlós thar Shliabh Loch Sionnach.