Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Siúil Ard Mhacha - Ospidéal Naomh Lúcás

Leanfar leis an ghrúpa siúlóide oidhreachta Déardaoin 28 Meitheamh le cuairt ar thaillte Ospidéal Naomh Lúcás in Ard Mhacha. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 7pm os comhair Phlainéadlann Ard Mhacha agus siúlfaidh na rannpháirtithe ar Lána Mhullach an Iúir a fhad le taillte áille an ospidéil, áit a n-inseofar scéalta ann ar stair an fhoirgnimh ann. Rachaidh an tsiúlóid ar ais ar Bhóthar Loch gCál agus ar Shráid an Iarnróid.