Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Siúil sna Beanna Boirche

Beidh an grúpa cnocadóireachta Siúil ag dul chuig na Beanna Boirche Dé Sathairn 5 Bealtaine le siúl ar Shliabh na Circe, ar Shliabh an Choilligh agus ar Dhroim Lao atá suite gar do Bhaile Hill. Chomh maith le radhairc den scoth ar an tídhreach thíos faoi, tá roinnt tor suntasach ar bharr Shliabh na Circe. Tá radharc galánta ar dhamba Speilgeach ó Shliabh an Choilligh agus is é an dreapadh deireanach ná Droim Lao roimh shiúlóid ar ais chuig an charrchlós ar Bhóthar Bhruach an Ghainimh.