Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Siúil - Taiscumar Shuí Eacháin

Leanfar leis an ghrúpa siúlóide oidhreachta Déardaoin 5 Iúil le cuairt ar thaiscumar Shuí Eacháin in aice le Baile Mhic an Aba. Cuirfear tús leis an tsiúlóid ar 7pm ag Rian an Tairbh in aice le teach an phobail i mBaile Mhic an Aba agus rachaidh na rannpháirtithe thar an halla pobail le ciorcal a dhéanamh thart ar an taiscumar féin.