
Taipeántas físiúil, drámatúil agus téacsúil é Laoch na Laochra de shaol Chú Chulainn. Tá roinnt saothar ealaíne sa taispeántas seo ó ealaíontóir agus ceoltóir Ard Mhacha, mar atá Dara Mac Uíbh Aille le lorg cumhachtach Chú Chulainn a léiriú. Is é Réamonn Ó Ciaráin a chuir an téacs leis le cur síos a dhéanamh ar eachtraí an laoich de chuid chúige Uladh.
Seolfar an taispeántas ag Amharclann Ard Mhacha Dé Luain 24 Iúil ar 6pm mar chuid de Scoil Shamhraidh John Hewitt, agus beidh fáiltiú ina dhiaidh a bhuí leis an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas.