Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Turas d'fhoghlaimeoirí Gaeilge chuig Eispéireas na Gaeltachta

Agus téarma úr de ranganna Gaeilge faoi lán seoil, tá Cairde Teo ag tairiscint deise d’fhoghlaimeoirí páirt a ghlacadh i dturas speisialta le blaiseadh a fháil d’áilleacht na Gaeltachta in iarthuaisceart Dhún na nGall.

Cuirfear tús leis an turas ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus beidh siúlóid sna gairdíní agus turas treoraithe ar an chaisleán roimh lón sa chaifé ag Gleann Bheatha faoi scáth Shléibhte Dhoire Bheatha.

Dóibh siúd atá aclaí, is féidir rothar a fháil ar cíos ag an ionad agus rothaíocht a dhéanamh thart ar thaillte galánta Ghleann Bheatha. As sin, rachaidh an turas go croílár na Gaeltachta thar an Earagail, an sliabh is airde i nDún na nGall ar íomhá íocónach den chontae é. Stopfaidh an turas an an láthair amhairc thar Dhún Lúiche agus Gleann na Nimhe fá choinne deis grianghraif fosta.

Tá costas £15 ar an turas lae agus beidh bus ag imeacht as Óstán Chathair Ard Mhacha ar 8.00am ar an toirt. Tá muid ag dréim leis go mbeidh muid ar ais in Ard Mhacha ar 7pm.