Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Turas d'fhoghlaimeoirí go Gleann Cholm Cille & Teileann

Agus téarma úr de ranganna Gaeilge faoi lán seoil, tá Cairde Teo ag tairiscint deise d’fhoghlaimeoirí páirt a ghlacadh i dturas speisialta chuig Gaeltacht iardheisceart Dhún na nGall i nGleann Cholm Cille agus i dTeileann.

Cuirfear tús leis an turas i mbaile Dhún na nGall le cuairt ar Hanna Hats agus ar Magee 1866. Leanfaidh an turas ar aghaidh go Sliabh Liag, áit a mbeidh radharc iontach ar Bhá Dhún na nGall ó na haillte is suntasaí in Éirinn. I ndiaidh cuairte ar an láthair amhairc, beidh rogha ag rannpháirtithe cuairt a thabhairt ar na haillte maorga.

Stopfaidh an turas le blaisín a fháil den cheol traidisiúnta agus greim le hithe sa tábhairne Rusty Mackerel. Leanfaidh an turas le blaiseadh ceart a fháil de stair, d’oidhreacht agus de chultúr Dhún na nGall ag Daonpháirc Ghleann Cholm Cille, áit a mbeidh rang beag Gaeilge ar fáil do na rannpháirtithe.

Tá costas £15 ar an turas lae agus beidh bus ag imeacht as Óstán Chathair Ard Mhacha ar 8.00am ar an toirt. Tá muid ag dréim leis go mbeidh muid ar ais in Ard Mhacha ar 7pm.