Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

Turas Gaeltachta d'fhoghlaimeoirí Ard Mhacha

Agus muid ag ceiliúradh Bhliain na Gaeilge, tá Cairde Teo ag eagrú turais d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí Gaeilge Ard Mhacha chuig Gaeltacht Ghaoth Dobhair agus Gaeltacht na Rosann i dTír Chonaill. Beidh an turas ar siúl idir Aoine 25 agus Domhnach 27 Bealtaine agus tá sé á eagrú a bhuí le páirtmhaoiniú ó chiste Bhliain na Gaeilge. Clúdóidh an costas £60 dhá oíche leaba agus bricfeasta agus tá clár ama gnóthach curtha le chéile ag Cairde Teo le blaisín a thabhairt d’oidhreacht, de thraidisiúin agus de shaibhreas shaol na Gaeltachta. Ar an Aoine, beidh cúpla scéalaí áitiúil linn le seanchas na háite a aithris dúinn. Ar an Satharn, tabharfar cuairt ar Rann na Feirste agus eagrófar siúlóid threoraithe, caint ar mhuintir, ar bhailte fearainn agus ar stair an cheantair, chomh maith le ceolchoirm bheag a dhíreos ar amhráin na háite. Pillfidh an grúpa ar na Doirí Beaga le bualadh isteach ar an amharclann nua-oscailte i nGaoth Dobhair agus beidh am saor ann go dtí buaicphointe an turais nuair a bheas An Cabaret Craiceáilte le scoth na gceoltóirí Gaeilge á chur i láthair ag Rónán Mac Aodha Bhuí i dTeach Hiúdaí Bhig. Ar an Domhnach, beidh siúlóid thart ar an Bhun Beag agus ar na Doirí Beaga sula dtabharfar aghaidh ar an bhaile, ag stopadh ar an bhealach le taitneamh a bhaint as áilleacht na dtaillte thart ar Ionad Cois Locha.

Más mian leat spás a chur in áirithe ar an turas Gaeltachta, déan teagmháil le Seán ar sean@cairdeteo.com nó 028 3751 5229.