Twitter Facebook Amharc Raidio Mhacha Menu

Menu ×

09 Dec 2017
Turas Teaghlaigh na Nollag

Beidh Cairde Teo ag eagrú turais speisialta Gaeilge chuig an Chultúrlann i mBéal Feirste Dé Sathairn 9 Nollaig le freastal ar gheamaireacht na Nollag, Lára Loingseach, agus le bualadh le Daidí na Nollag. Tá an turas oscailte do dhaltaí ag Gaelscoileanna áitiúla i gceantar Ard Mhacha agus a gcuid tuismitheoirí agus imeoidh an bus as Óstán Chathair Ard Mhacha ar 11am. Tá costas £7 an pháiste agus £5 an duine fásta ar an turas, a chuimsíonn iompar, iontráil chuig an gheamaireacht agus bronntanas ó Dhaidí na Nollag, agus tá ráta speisialta teaghlaigh ar fáil. Tá líon theoranta spásanna ar fáil agus ní mór teagmháil le Seán ar 028 3751 5229 nó ar sean@cairdeteo.com le h-áit a fháil ar an turas.